Irish version of Allons-y 1
Gaeilge Allons-y 1 + Portfolio + Lexique book
This is the Irish language school edition of Allons-y 1 for Junior Cycle French.
Allons-y 1 - Fraincis na Sraithe Sóisearaí: An Chéad Bhliain
Na hábhair in Allons-y 1:
Téacsleabhar
- Tá topaicí coitianta leagtha amach go réidh is go héasca, ar shlí a leagann dúshraith síos do scoláirí cumarsáid a dhéanamh agus iad féin a chur in iúl
 - Is de réir téamaí a leagtar na caibidlí amach. Tosaíonn gach caibidil le mianta foghlama agus imlíne ar na príomhthopaicí, pointí gramadaí agus eolas cultúrtha
 - Cuirtear an t-eolas i láthair i dteanga shoiléir a oireann don aois léitheoireachta atá i gceist sa chúrsa nua comhleibhéil
 - Déantar coincheapa a dhaingniú trí chleachtaí comhtháite éisteachta, léitheoireachta, cainte agus scríbhneoireachta
 - Boscaí gramadaí a sheasann amach ar an leathanach agus a mbíonn tascanna agus cleachtaí ina ndiaidh
 - Boscaí des Mots Clés le haird a tharraingt ar fhocail agus ar fhrásaí nua
 - Foclaíocht chomhleanúnach a chabhraíonn le scoláirí eolas a chur ar an teanga, sa chaoi gur féidir éirí as na treoracha Gaeilge de réir a chéile
 - Retenez ! a chuireann eolas tábhachtach i láthair chomh maith le leideanna a chothaíonn an fheasacht teanga
 - Tástálacha féinmheasúnaithe a chabhróidh le scoláirí súil a choinneáil ar a ndul chun cinn
 - Le dossier francophone chun feasacht idirchultúrtha agus eolas ar an tsochaí a mhéadú
 - Resumé chun foclóir agus coincheapa nua a dhaingniú
 - Le texte authentique, a dhíríonn ar théacsanna dílse i gcomhthéacs
 
Mon chef d’œuvre
- Spás inar féidir le scoláirí:
 - A gcuid ‘máistirphíosaí’ féin a chruthú i bhformáidí traidisiúnta agus digiteacha
 - Machnamh agus measúnú a dhéanamh ar a ndul chun cinn agus straitéisí foghlama a aithint
 - Tascanna scafláilte a chur i gcrích agus scileanna a fhorbairt i gcomhair Measúnaithe Rang-Bhunaithe
 
Lexique
- Ainmfhocail, aidiachtaí agus briathra ón téacsleabhar in ord aibítre, chun gur féidir teacht orthu gan dua
 - Spás le focail nua a chur isteach
 - Réimniú na mbriathra is úsáidí in Allons-y 1 (aimsir láithreach)