Mol an Oige 2 Cúrsa Gaeilge don tSraith Shóisearach, Gnáthleibhéal

Mol an Oige 2 Cúrsa Gaeilge don tSraith Shóisearach, Gnáthleibhéal

Regular price
€31,95
Sale price
€31,95
Tax included. Shipping calculated at checkout.

Is do scoláirí Dara agus Tríú Bliana é Mol an Óige 2 (Gnáthleibhéal) agus tá sé ag teacht leis na treoracha atá leagtha amach i Sonraíocht na Sraithe Sóisearaí don Ghaeilge (L2) agus sa Chreat don tSraith Shóisearach.
Tá seacht gcéim i ngach aonad: Céim a 1: Litríocht agus Cultúr, Céim 2–6: Cumas Cumarsáide agus Céim a 7: Athbhreithniú agus Féinmheasúnú.
Léirítear na Torthaí Foghlama mar chuspóirí foghlama soiléire.
Tá liosta de na Torthaí Foghlama cuí i gcás na dtrí shnáithe ag tús gach céime.
Rannóg Chur i Láthair ina bhfuil ábhar, stór focal agus modhanna éagsúla chun réimse leathan topaicí a chur i láthair, rud a chuidíonn le scoláirí agus iad ag ullmhú do MRB 2.
Tá tagairtí rialta don Mheasúnú chun Foghlama (McF) sa leabhar.
Aibhsítear gníomhaíochtaí a d’fheilfeadh don Mheasúnú Rangbhunaithe.
Is féidir le scoláirí féinmheasúnú a dhéanamh ag úsáid na dticbhoscaí sna rannóga ‘Féinfheasacht an Fhoghlaimeora: Féinmheasúnú’.
Pléitear gnéithe de chultúr na hÉireann agus saol na Gaeltachta ar bhealach cuimsitheach.
Cuirtear béim ar an litearthacht leis na heochairnathanna agus an réamhobair sa rannóg chluastuisceana.
Múintear an ghramadach i mbealach comhtháite, agus tá aonad gramadaí ar leith ann a thugann deiseanna breise staidéir don scoláire, agus a chinntíonn feasacht teanga.
Tá Ceist ilmhódach i ngach aonad.
Acmhainní SAOR IN AISCE do Scoláirí
Sa Punann agus Leabhar Gníomhaíochta tá:
Gníomhaíochtaí ina gcruthaíonn an scoláire samplaí oibre
Gníomhaíochtaí a thacaíonn leis na haonaid
Traenáil sa dréachtú agus athdhréachtú
Loga gramadaí
Bileoga Féinmheasúnaithe/Machnaimh
Dhá thriail chluastuisceana shéasúracha
Ar CD 1 na Scoláirí tá na míreanna fuaime do na rannóga’
Cur i Láthair’, na dánta atá sa téacsleabhar agus na trialacha cluastuisceana ón Punann agus Leabhar Gníomhaíochta.
Ar CD 2 na Scoláirí tá an t-ábhar cluastuisceana ar fad ón téacsleabhar.