Clúdaíonn Tá Gaeilge Agam! 2 gach gné de chúrsa Gaeilge na Sraithe Sóisearaí idir theanga agus litríocht. Seo mar a fhreagraíonn leagan amach an leabhair do na trí shnáithe.
Snáithe 1: Cumas Cumarsáide
- Na Bunchlocha– Sna Bunchlocha, leagtar síos bunsraith na foghlama agus múintear an teanga atá riachtanach chun plé le hábhar agus le topaicí an aonaid.
- An Taifead Pearsanta– Insíonn na daltaí ‘a scéal féin’ sa Taifead Pearsanta trí úsáid a bhaint as na Bunchlocha. Coinníonn siad an ‘taifead’ seo agus is féidir leo filleadh air arís agus arís eile agus iad i mbun tascanna ranga, tionscnamh agus cur i láthair.
- Seo Linn!– Sa roinn seo, forbraíonn na daltaí a gcuid scileanna léitheoireachta, scríbhneoireachta agus labhartha ar bhealach cumarsáideach idirghníomhach.
- Éistimis!– Sa roinn seo, cuireann na daltaí lena scileanna cluastuisceana, lena ngabhchumas teanga agus lena dtuiscint ar an teanga labhartha agus ar chanúintí na Gaeilge.