Tá Gaeilge Agam! 3 (Pack)

Tá Gaeilge Agam! 3 (Pack)

Regular price
€27,55
Sale price
€27,55
Tax included. Shipping calculated at checkout.

Clúdaíonn Tá Gaeilge Agam! 3 gach gné de chúrsa Gaeilge na Sraithe Sóisearaí idir theanga agus litríocht. Seo mar a fhreagraíonn leagan amach an leabhair do na trí shnáithe.

Snáithe 1: Cumas Cumarsáide

  • Na Bunchlocha – Sna Bunchlocha, leagtar síos bunsraith na foghlama agus múintear an teanga atá riachtanach chun plé le hábhar agus le topaicí an aonaid.
  • An Taifead Pearsanta – Insíonn na daltaí ‘a scéal féin’ sa Taifead Pearsanta trí úsáid a bhaint as na Bunchlocha. Coinníonn siad an ‘taifead’ seo agus is féidir leo filleadh air arís agus arís eile agus iad i mbun tascanna ranga, tionscnamh agus cur i láthair.
  • Seo Linn! – Sa roinn seo, forbraíonn na daltaí a gcuid scileanna léitheoireachta, scríbhneoireachta agus labhartha ar bhealach cumarsáideach idirghníomhach.
  • Éistimis! – Sa roinn seo, cuireann na daltaí lena scileanna cluastuisceana, lena ngabhchumas teanga agus lena dtuiscint ar an teanga labhartha agus ar chanúintí na Gaeilge.